Tá roinnt de na foilseacháin seo a leanas ar fáil i bhfoirm PDF. Ní foláir clár breathnaithe dar teideal Adobe Acrobat chun comhaid PDF a bhreathnú agus a phriontáil. Tá cóip den chlár sin le híoslódáil in aisce ó Láithreán Gréasáin Adobe sa chás go mbeadh ceann de dhíth.
Ag Cur Athrú ar Seirbhísí Poiblí: An Saoránach sa Lár - Fócas ar an bhFeidhmíocht.
Tá tábhacht mhór náisiúnta leis an tSeirbhís Phoiblí. Tá tábhacht ó thaobh shaol gach saoránaigh agus folláine gach pobail tríd is tríd lena fheabhas a fheidhmíonn sí agus lena éifeachtaí agus a oibríonn sí. Aithnítear níos mó agus níos mó ardfheidhmíocht Seirbhíse Poiblí mar chomhábhar fíorthábhachtach ó thaobh iomaíochas idirnáisiúnta chomh maith le ní a bhfuil fíorghá leis le haghaidh a thabhairt ar riachtanais shóisialta chasta pobal nua-aimseartha.
Tá an suirbhé i mBearla anseo. Is oth linn le rá nach bhfuil leagan Gaeilge le fáil
Tá an tuarascáil i mBéarla anseo. Is oth linn a rá nach bhfuil leagan Gaeilge le fáil
Féach ar treorlínte maidir le Cairt do Chustaiméirí agus Pleananna Gríomhaíochta do Chustaiméirí a Ullmhú
I mí na Samhna 2006, choimisiúnaigh an Rialtas Fitzpatrick Associates, Comhairleoirí Eacnamaíochta, chun athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar phróiseas Chairteacha Custaiméirí i Státseirbhís na hÉireann. Rinne an mheastóireacht athbhreithniú ar gach gné de phróiseas na gCairteacha ó tugadh isteach é agus dhírigh sí ar an méid atá na Cairteacha Custaiméirí ag comhlíonadh a gcuspóirí agus rinne sí iarracht na buntáistí atá ann mar thoradh air sin a aithint. Tá sraith de 10 príomh-mholadh sa mheastóireacht atá beartaithe a bheith mar fhaisnéis don chéad chéim eile d’fhorbairt Cairteacha Custaiméirí agus todhchaí an Tionscnaimh Seirbhíse Ardchaighdeáin do Chustaiméirí tríd is tríd.
Is mó aithne ar an dara Tuarascáil de chuid an Ghrúpa Chomhordaithe Rúnaithe chuig an Rialtas faoin teideal ‘Rialtas Níos Fearr a Chur ar Fáil’ (DBG). Is éard atá in DBG, a foilsíodh i mí Bealtaine 1996, an doiciméad polasaithe a leag amach go sonrach an creat a bhí riachtanach chun tacú le cur i bhfeidhm an Tionscnaimh Bhainistíochta Straitéisí, an clár athraithe don Státseirbhís.
Cheadaigh an Rialtas moltaí don BEB i mí Iúil 1999. Tá sé i gceist go mbeidh córas thuairisciú rialta bainistíochta ag gach Roinn chun cur in iúl do chinnteoireacht maidir le leithdháileadh agus úsáid acmhainní. Ba chóir do thuarascáil bhainistíochta faisnéis feidhmíochta a chuimsiú de réir mar is gá idir fhaisnéis airgeadais agus faisnéis nach faisnéis airgeadais é, in éineacht le faisnéis bhainistíochta eile ó chórais oifigí eile. Tá sé mar aidhm ag tionscnamh an BEG torthaí níos fearr a chinntiú don phobal in úsáid acmhainní an stáit trí:
Is oth linn a rá nach bhfuil leagan Gaeilge le fáil