Déardaoin 11 Mí Márta 2010
cé muid féin? a mbeidh i gceist le RIALAMHÁIN duitse NUACHT

Fáilte go dtí RIALAMHÁIN

Tá leas bunúsach náisiúnta ag baint leis an tSeirbhís Phoiblí.  Tá barrthábhacht maidir le saol gach saoránach agus maitheas an phobail ar fad le toradh na hoibre agus lena éifeachtaí a bhítear ina bun sa tSeirbhís Phoiblí.

Leagadh amach an láithreán gréasáin seo d'fhonn eolas a chur ar fáil faoin gclár 'Athchóiriú na  Seirbhísí Poiblí' de chuid an  Rialtais.  Tá nuachóiriú ó bhonn ar an tSeirbhís Phoiblí in Éirinn i gceist leis na bearta a leagtar amach sa Chlár seo.  Tá an Taoiseach, Brian Ó Comhain Uasal, T.D., ag tiomáint chur i bhfeidhm an chláir athrúcháin seo chun cinn ina chathaoirleach dó ar Choiste an Chomhrialtais maidir le hAthchóiriú Seirbhísí Poiblí.  Ag labhairt dó ag seoladh an Chláir, dúirt an Taoiseach go raibh Seirbhís Phoiblí bharainneach, dhíocasach, ardfheidhme, beobheartach, éifeachtúil de dhíth agus gur mhian leis cinntiú go mbíonn an cumas iontach atá ar fáil taobh istigh den tSeirbhís Phoiblí in úsáid d'fhonn an leas is mó is féidir don saoránach/cáiníocóir.  Dúirt sé gur chreid sé go dtabharfaí sin i gcrích leis an gclár athrúcháin a rabhthas ag cur tús leis.

Is é an Clár 'Athchóiriú na Seirbhísí Poiblí' an téarma a thugtar ar Ráiteas an Rialtais faoi Ag Cur Athrú ar sheirbhísí Poiblí agus ar Thuarascáil an Tascfhórsa ar an tSeirbhís Phoiblí.  Cheap an Taoiseach, Brian Ó Comhain Uasal, T.D., an Tascfhórsa ar an tSeirbhís Phoiblí i mí Bealtaine 2008 d'fhonn plean gníomhaíochta a thabhairt chun cinn mar gheall ar Athbhreithniú an OECD ar an tSeirbhís Phoiblí in Éirinn inar leagadh amach bonn comhairle d'fhonn dlús a chur le breis athchóiriúcháin ar an tSeirbhís Phoiblí - malairt treorach agus breis práinne.

Ní foláir athrú níos tréine anois faoin tSeirbhís Phoiblí ionas gur féidir leis an Rialtas beart éifeachtúil a dhéanamh mar gheall ar chora dúshláin de réir mar a thagann siad chun cinn, i ndáil le cúrsaí eacnamaíochta, cúrsaí sóisalta agus gnóthaí idirnáisiúnta.  Ag labhairt dó i nDáil Éireann faoin mBuiséad Forlíontach ar an 8 Aibreán 2009, dúirt an Taoiseach, Brian Ó Comhain Uasal, T.D., gur féidir dlús a chur le hathchóiriúchán i rith tréimhsí géarchéime nuair is gá dul i ngleic le ceisteanna a ndearnadh neamhaird díobh roimhe sin.  Dúirt sé gur tréimhse den chineál sin atá ann faoi láthair agus nach bhfuiltear sa chás gur féidir leanacht ag íoc ar Sheirbhís Phoiblí a leanfadh ag feidhmiú gan athrú ar an modh oibre ná athrú ar dháileadh an tsaothair ar fud lucht saothair a bhí gan athrú.  

Is féidir, tríd an láithreán gréasáin seo, teacht ar na foilseacháin  a chuimsítear sa chlár ‘Athchóiriú ar na Seirbhísí Poiblí, agus an nuacht agus na scéalta is deireanaí faoin athchóiriúchán sa tSeirbhís Phoiblí a cheadú.  Tá súil againne san Oifig Cláir go mbíonn tairbhe agat as an láithreán gréasáin seo.  Sa chás go mbeadh moladh agat maidir le feabhas ar an láithreán gréasáin seo, ba bhreá linn scéal a fháil uait. Comhfhreagras