Déardaoin 9 Mí Fómhair 2010

Eolas Cúlra

Sheol an Taoiseach, Brian Ó Comhain Uasal, T.D., tuarascáil an Tascfhórsa ar an tSeirbhís Phoiblí: ‘Ag Cur Athrú ar Sheirbhísí Poiblí –an saoránach sa lár – fócas ar an bhfiedhmíocht' agus an Ráiteas ón Rialtas faoi Ag Cur Athrú ar Sheirbhísí Poiblí a bhaineann leis an tuarascáil i mí na Samhna 2008. Is iad Tuarascáil an Tascfhórsa agus Ráiteas an Rialtais atá i gceist leis an gclár ‘Athchóiriú na Seirbhísí Poiblí’.  Cuirtear ar fáil leis an gclár sin an creat maidir le cur chuige nua den chuimsitheacht i ndáil leis an athchóiriúchán ar an tSeirbhís Phoiblí agus tugtar san áireamh an anailís agus an chomhairle a bhaineann le hAthbhreithniú an OECD ar an tSeirbhís Phoiblí in Éirinn, chomh maith leis an lón eolais atá le baint as an gClár Athbhreithnithe Eagraíochtúil agus Próiseas an Athbhreithnithe maidir le hÉifeachtacht.  Is clár oibre den dúshlán maidir leis an athrú sa tSeirbhís Phoiblí atá i gceist le bearta an chláir agus tá na bearta a luaitear sa chlár ‘Athchóiriú na Seirbhísí Poiblí’ leagtha amach d'fhonn:

  • Feabhas a bhaint amach ó thaobh feidhmiúcháin ar leibhéal na heagraíochta agus na n-oifigeach aonair; 
  • Solúbthacht a chruthú maidir le daoine, sócmhainní agus acmhainní eile a chur chun feidhme;
  • An clár oibre athchóiriúcháin a shonrú go cruinn maidir le gach earnáil den tSeirbhís Phoiblí agus an lucht gnímh bunriachtanach a spreagadh agus a chur i mbun beartaíochta; agus
  • Breis éifeachtachta, éifeachtúlachta agus tíosúlachta a bhaint amach.

 

Tá na bearta leagtha amach chomh maith d'fhonn cur leis an achmhainn leanúnach athchóiriúcháin, trí dhíriú ar: 

  • Sainaitheantas, cultúr agus aisling an chomhair a chur chun cinn trí dhíriú ar aidhmeanna an ghrúpa a bhaint amach in éineacht;
  • Cinnirí a thabhairt chun cinn ar gach leibhéal den eagraíocht; 
  • Cumhacht a thabhairt do na fostaithe trí ghluaisteacht, sonraí feidhmiúcháin follasacha agus oiliúint; 
  • Slata tomhais feidhmiúcháin a thabhairt chun cinn a bhfuil ciall leo ó thaobh an tsaoránaigh de;
  • Cur leis an bhfreagracht ar leibhéal na heagraíochta agus ar leibhéal an duine aonair maidir le spriocanna feidhmíochta a bhaint amach; 
  • Pleanáil níos fadtéarmaí a chur chun cinn; 
  • Nuáil, rialachas an chomhair, craobhchórais agus comharobair; agus 
  • Comhúsáid as infrastruchtúr agus teicneolaíocht nua.

 

Tá cur chun cinn an chláir athrúcháin á dhéanamh faoi mhaoirseacht Choiste an Chomhrialtais ar  Athchóiriú na Seirbhísí Poiblí a bhfuil an Taoiseach ina chathaoirleach air. Tá bonn á chur faoi obair Choiste an Chomhrialtais ag an Oifig Cláir nuabhunaithe atá lonnaithe i Roinn an Taoisigh. 

Tá an táire le freagracht d'Athchóiriú na Seirbhíse Poiblí, An tUasal Dara Calleary, T.D., a ceapadh i mí na Márta 2010 chun ceannaireacht pholaitiúil an chláir athchóirithe a láidriú, ina chomhalta chomh maith ar an gCoiste Comh-Aireachta.

Mar atá leagtha amach i Ráiteas an Rialtais ar an gComhaontú Seirbhíse Poiblí an 16 Meitheamh, fógróidh an Rialtas comhaltacht Bhord Seirbhíse Poiblí nua go luath, le tromlach na gcomhaltaí ó lasmuigh den tSeirbhís Poiblí, a chuirfidh comhairle ar an Rialtas maidir le deiseanna agus tosaíochtaí d'athchóiriú agus d'eifeachtúlacht, agus ar chumas na Seirbhíse Poiblí athrú a threorú agus feidhmíocht ar ardchaighdeán a sheachadadh. Cuirfidh sé sin eolas ar fáil do chur chuige an Rialtais agus bhainistíocht na Seirbhíse Poiblí maidir leis an bpróiseas athchóirithe sa tréimhse amach romhainn. Tá socruithe maidir le ceapadh an Bhoird go mór chun cinn.

 

  • An Tascfhórsa ar an tSeirbhís Phoiblí

    Bhunaigh an Taoiseach, Brian Ó Comhain Uasal, T.D., an Tascfhórsa ar an tSeirbhís Phoiblí i mí Bealtaine 2008 d'fhonn Plean Gníomhaíochta don tSeirbhís Poibli a thabhairt chun cinn bunaithe ar an anailís agus ar an gcomhairle a leagtar amach in Athbhreithniú an OECD ar an tSeirbhís Phoiblí.

  • An Tionscnamh um Bainistíocht Straitéiseach

    Go dtí gur seoladh an clár ‘Athchóiriú na Seirbhísí Poiblí’, bhí an clár nuachóiriúcháin sa tSeirbhís Phoiblí in Éirinn le cúig bhliana déag anuas bunaithe ar an Tionscnamh um Bainistíocht Straitéiseach (SMI).

  • Comhaontuithe Comhpháirtíochta Sóisialta

    Bhí, agus tá, cur i bhfeidhm an chlár oibre nuachóiriúcháin á thiomáint chun cinn faoi na comhaontuithe comhpháirtíochta éagsúla ar fud na Seirbhíse Poiblí. Cuirtear leis an dul chun cinn a rinneadh faoi chomhaontuithe comhpháirtíochta sóisialta roimhe seo faoin gcomhaontú reatha, I dTreo 2016, agus cinntítear comhoibriú leanúnach i ndáil leis na tionscnaimh athrúcháin agus nuachóiriúcháin chomh maith le feabhas ó thaobh na táirgiúlachta ar fud na Seirbhíse Poiblí ar fad.

  • Athbhreithniú an OECD ar an tSeirbhís Phoiblí in Éirinn

    Bhunaigh an Taoiseach, Brian Ó Comhain Uasal, T.D., an Tascfhórsa ar an tSeirbhís Phoiblí i mí Bealtaine 2008 d'fhonn Plean Gníomhaíochta don tSeirbhís Poibli a thabhairt chun cinn bunaithe ar an anailís agus ar an gcomhairle a leagtar amach in Athbhreithniú an OECD ar an tSeirbhís Phoiblí.