Tá nuachóiriú ó bhonn ar an tSeirbhís Phoiblí in Éirinn i gceist leis na bearta a leagtar amach sa Chlár seo. Tá an Taoiseach, Brian Ó Comhain Uasal, T.D., ag tiomáint chur i bhfeidhm an chláir athrúcháin seo chun cinn ina chathaoirleach dó ar Choiste an Chomhrialtais maidir le hAthchóiriú Seirbhísí Poiblí. Ag labhairt dó ag seoladh an Chláir, dúirt an Taoiseach go raibh Seirbhís Phoiblí bharainneach, dhíocasach, ardfheidhme, beobheartach, éifeachtúil de dhíth agus gur mhian leis cinntiú go mbíonn an cumas iontach atá ar fáil taobh istigh den tSeirbhís Phoiblí in úsáid d'fhonn an leas is mó is féidir don saoránach/cáiníocóir. Dúirt sé gur chreid sé go dtabharfaí sin i gcrích leis an gclár athrúcháin a rabhthas ag cur tús leis.
Is é an Clár 'Athchóiriú na Seirbhísí Poiblí' an téarma a thugtar ar Ráiteas an Rialtais faoi Ag Cur Athrú ar sheirbhísí Poiblí agus ar Thuarascáil an Tascfhórsa ar an tSeirbhís Phoiblí. Cheap an Taoiseach, Brian Ó Comhain Uasal, T.D., an Tascfhórsa ar an tSeirbhís Phoiblí i mí Bealtaine 2008 d'fhonn plean gníomhaíochta a thabhairt chun cinn mar gheall ar Athbhreithniú an OECD ar an tSeirbhís Phoiblí in Éirinn inar leagadh amach bonn comhairle d'fhonn dlús a chur le breis athchóiriúcháin ar an tSeirbhís Phoiblí - malairt treorach agus breis práinne.
Ní foláir athrú níos tréine anois faoin tSeirbhís Phoiblí ionas gur féidir leis an Rialtas beart éifeachtúil a dhéanamh mar gheall ar chora dúshláin de réir mar a thagann siad chun cinn, i ndáil le cúrsaí eacnamaíochta, cúrsaí sóisalta agus gnóthaí idirnáisiúnta. Ag labhairt dó i nDáil Éireann faoin mBuiséad Forlíontach ar an 8 Aibreán 2009, dúirt an Taoiseach, Brian Ó Comhain Uasal, T.D., gur féidir dlús a chur le hathchóiriúchán i rith tréimhsí géarchéime nuair is gá dul i ngleic le ceisteanna a ndearnadh neamhaird díobh roimhe sin. Dúirt sé gur tréimhse den chineál sin atá ann faoi láthair agus nach bhfuiltear sa chás gur féidir leanacht ag íoc ar Sheirbhís Phoiblí a leanfadh ag feidhmiú gan athrú ar an modh oibre ná athrú ar dháileadh an tsaothair ar fud lucht saothair a bhí gan athrú.
A mbeidh i gceist le RIALAMHÁIN duitse - An Státseirbhíseach agus an Seirbhíseach Poiblí
A mbeidh i gceist le RIALAMHÁIN duitse - An Saoránach